Eolas Fúinn

Is gníomhaireacht Stáit neamhspleách é DCCÉ – Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann atá freagrach as cáilíocht agus cuntasacht a chur chun cinn i seirbhísí oideachais agus oiliúna in Éirinn. Bunaíodh in 2012 é leis an Acht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint) 2012 (Acht 2012).

Sa bhileog faisnéise dar teideal QQI - Cur síos orainn agus ar an obair a dhéanaimid, tugtar forbhreathnú ar na seirbhísí a chuireann Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann ar fáil agus ar na heagraíochtaí a n-oibrímid leo.  Beidh an leagan Gaelige ar fáil go luath.

 

Is é an misean atá againn: 

• a chinntiú go ndéantar feabhsú ar cháilíocht an bhreisoideachais, na breisoiliúna, an ardoideachais agus na hardoiliúna in Éirinn, agus soláthróirí a dhearbhú ó thaobh cáilíochta de; 

• tacú le córas cáilíochtaí a théann chun tairbhe d'fhoghlaimeoirí agus do pháirtithe leasmhara eile, agus an córas sin a chur chun cinn.

 

Is é an ról atá againn:

Creat Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (CNC) a chur chun cinn, a chothabháil agus a fhorbairt. Is creat 10 leibhéal é seo maidir le forbairt, aithint agus bronnadh cáilíochtaí in Éirinn;

• cláir a chuirtear ar fáil in éagsúlacht de scoileanna, de choláistí agus d'institiúidí breisoideachais agus ardoideachais a fhaomhadh. Is iad na cáilíochtaí (gradaim DCCÉ) atá liostaithe sa CNC toradh na gclár agus tá siad aitheanta go hidirnáisiúnta;

• cáilíocht na gclár a chuireann scoileanna agus coláistí ar fáil agus a mbíonn cáilíochtaí CNC mar thoradh orthu a rialú agus a chur chun tosaigh ar mhaithe le foghlaimeoirí, fostóirí agus páirtithe eile a bhfuil suim acu iontu;

• a chinntiú go mbíonn eispéireas dearfach ardcháilíochta á sholáthar ag na soláthróirí* a chuireann cáilíochtaí náisiúnta ar fáil do na foghlaimeoirí idirnáisiúnta a thagann chun staidéar a dhéanamh in Éirinn. Déanfaimid sin tríd an Marc Oideachais Idirnáisiúnta (MIO/IEM) a údarú;

• comhairle acadúil a sholáthar maidir le haithint cáilíochtaí eachtracha in Éirinn trí sheirbhís darb ainm NARIC Ireland - an tIonad Náisiúnta Faisnéise um Aithint Acadúil. 

• an pobal a chur ar an eolas faoi chláir agus cáilíochtaí oideachais agus oiliúna a bhfuil a gcáilíocht dearbhaithe trí bhunachar sonraí de chláir agus trí chlár de sholáthróirí;

• scéim náisiúnta a bhainistiú maidir le dearbhú cáilíochta seirbhísí Béarla (Creidiúnú agus Comhordú Seirbhísí Béarla - ACELS).

• comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna faoin mbeartas náisiúnta i dtaca le dearbhú cáilíochta agus feabhsú ar oideachas agus oiliúint;

 

*Coláiste nó institiúid é soláthróir